Tigh Mhíchíl

詩 音楽 アイルランド

記事一覧

Diarmuid Mac Lochlainn


[スポンサーリンク]

 ダーモット・マクラフリン(フィドル)のインタヴューを含む興味深い 文書アイルランド語)を見つけました。詳しくは後日ということで、とりあえず、中身を。

An tAgallamh: DIARMUID MAC LOCHLAINN, Ceoltóir agus Príomh fheidhmeannach Temple Bar Properties


Cén uair a ghlac tú suim san ealaín?


Ó bhí mé an-óg bhí ceol i gcónaí tigh s'againne – tá m’athair Joe Mór ag dul leis an cheol go fóill ar an fheadóg agus an harmonica agus thig leis ceol a bhaint as an fhidil fosta agus é 81 d'aois. Bhí suim mhór ag mo mháthair, Kate, sna healaíona rosc agus bhí lámh mhaith aici ar an phéintéireacht.


Caidé do bharúil faoin díospóireacht atá ar siúl i láthair na huaire faoi na healaíona tradisiúnta?


Is fiú díospóireacht i gcónaí! Seo an seans is fearr le críoch a chur leis na conspóidí agus na ráflaí agus an raiméis uilig a labhartar faoi na healaíona seo agus na daoine a bhfuil na healaíona seo mar ghairm nó mar chaitheamh aimsire nó mar chomhartha féiniúlachta acu. Rinne mé féin aighneacht don Choiste agus leag mé béim ar thábhacht na nealaíon Gaeltachta, mar a thug mé orthu, in aon iarracht teacht ar thuiscint nó ar shainmhíniú ar na healaíona dúchais.


Creidim nach dtig leat labhairt faoi na healaíona dúchais gan cultúr na Gaeltachta a bheith i lár báire. Is cultúr beo comhaimseartha é an cultúr seo ina bhfuil teanga, litríocht, ceol, damhsa agus amhránaíocht ársa na tíre seo, cultúr a bhfuil meas uirthi ar fud an domhain.


Ar chóir don Chomhairle Ealaíon ról níos lárnaigh a bheith acu i bhforbairt na nEalaíon Dúchasach?


Sílim go bhfuil gá le córas teagmhala níos fearr idir an Chomhairle Ealaíon agus muintir na n-ealaíon traidisiúnta agus ba mhaith an rud é dá dtiocfadh leis an Chomhairle Ealaíon tionchar níos leithne a bheith aici ar mhaoiniú agus ar fhorbairt na n-ealaíon seo.


An bhfuil moltaí ar bith agat i dtaobh cuid oibre Ealaín na Gaeltachta?


Sílim go bhfuil a lán bunoibre gníomhaíochta agus forbartha idir lámha anois agus go bhfuil eolas i bhfad níos fearr ar fáil anois faoina bhfuil ag tarlú. Molaim Udarás na Gaeltachta as tacaíocht leanúnach a sholáthar ar an bhealach seo go dtí seo.


An rud is tábhachtaí, dar liomsa, ná córas sainiúil forbartha agus tacaíochta a chruthú atá fóirsteanach do riachtanais na Gaeltachta féin agus a bhfuil todhchaí chultúr na Gaeltachta mar phríomhaidhm bhunúsach aige. Creidim go gcaithfidh Ealaíon na Gaeltachta a bealach féin a leagan amach agus múnla forbartha dá cuid féin a chruthú. Ina dhiaidh sin beidh sé níos éascaí nascanna fadtéarmacha a chothú le heagraíochtaí agus le rannóga Stáit eile.


An bhfuil tú ag baint suilt as do phost úr mar Phríomhfheidhmeannach ar Bharra an Teampaill?


Sílim go bhfuil an t-ádh orm an post seo a bheith agam. Bíonn go leor brú orm ó ham go ham ach bainim sult mór as. Is maith liom bheith cóngarach do na healaíona agus nuair a thosaigh mé anseo bhí orm lear mor rudaí a fhoghlaim go gasta faoi chúrsaí dlí, maoin, foirgneamh, cíos, cáin agus polaitíocht áitiúil. Tá go leor de mo chuid spriocanna á mbaint amach agam anois - tá muid ag comhoibriú le 50-60 eagraíochtaí ealaíon sa cheantar le próifíl na n-ealaíon a ardú; tá mé ag cothú nascanna níos fearr idir TBP agus pobal agus cultúr na Gaeilge; tá muid tar éis lárionad eolais poiblí a oscailt le cúrsaí cultúir agus gnó sa cheantar a chur chun cinn; tá Plean Nua Forbartha don cheantar foilsithe againn ar na mallaibh agus d'aistrigh muid oifigigh le gairid. Sin an chéad chaibidil!


Is fidléir den scoth tú. An mbíonn tú ag seinm go minic i láthair na huaire?


Bíonn cinnte – 'sé an ceol an rud is tábhachtaí i mo shaol (taobh amuigh do mo chéile Ursula Kennedy!) agus tá mé ag seinm i bhfad níos minicí na laethanta seo. Bhí go leor oícheanta fada ceoil againn leis na comharsana Dermot Byrne agus Mairéad Ní Mhaonaigh. Níl dúil agam sna seisiúin mhóra agus is fearr liom bheith ábalta éisteacht leis na ceoltóirí a mbím ag seinm leo.


Cé is mó a raibh tionchar acu ar do chuid ceoil?


Déarfainn ceol John Doherty, Frank Cassidy, Con Cassidy ó thaobh stíle agus teicníce. Agus Francie Dearg O’Beirn agus James Byrne – thug siadsan beirt stór mór ceoil domhsa agus tá mé faoi chomaoin acu.


Plean ar bith agat dlúthdhiosca a thaifead?


Tá, le fada agus tá an chuid is mo den cheol socraithe agam – níl le déanamh agam anois ach é a thaifead. Tá sé ar intinn agam seinm le mo dhearthair Joe (píobaire) agus cúpla cara eile.


D’éirigh Patricia Quinn as a post mar Stiúrthóir ar an Chomhairle Ealaíon le gairid. An mbeadh suim agat sa post seo?


Bhuel, tá an post sin ar cheann de na postanna is tábhachtaí i saol na nealaíon sa tír seo agus léifidh mé an fógra go géar!

 なお、この文書は Ealaíona na Gaeltachta の今年4月分のものです。