Tigh Mhíchíl

詩 音楽 アイルランド

記事一覧

Papa Eoin Pol II (La), Saint Malachy


[スポンサーリンク]

〔蔵出し記事 20050405〕

 北アイルランドベルファストで発行されているアイルランド語週刊紙 の4月4日付(Dé Luain 4 Aib 2005)にローマ教皇ヨハネ・パウロ二世(Eoin Pól II)の逝去に伴う今後の行事等についての署名記事が載った。まず、その全文。

‘Ná bígí eaglach’

 

‘Ná bíodh eagla oraibh’ an mana a bhí ag an Phápa Eoin Pól II ó thús a réimis i 1978 agus beidh a thréad ag coinneáil na bhfocal sin i gcuimhne sna laethanta corraitheacha atá romhainn agus a thréadaí ar iarraidh.

 

Iomprófar taisí an Phápa Eoin Pól II go hEaglais Naomh Peadar tráthnóna inniu le deis a thabhairt do na céadta míle oilithreach ó gach cearn den domhan paidir a cur le hanam cheannaire na hEaglaise Caitlicí a fuair bás tar éis tinnis fhada oíche Dé Sathairn.

 

Cé nach bhfuil socruithe a shocraide fógartha go fóill, ceaptar go luífidh sé faoi ghradam in Eaglais Naomh Peadar go dtí an Chéadaoin nó an Déardaoin, tráth a reachtálfar a shochraid.

 

Beidh súil le ceannairí domhanda ag an tsochraid agus tá údaráis na Róimhe ag súil go mbeidh breis is milliún cuairteoir ó gach cearn den domhan ar an gcathair don lá.

 

Cé go raibh tuairimíocht ann gur fhág an Pápa uacht inar threoraigh sé gurb é a mhian go gcuirfí sa Pholainn é, tuigtear do Lá go bhfuil sé i gceist taisí an Phápa a chur i séipéilín faoi Eaglais Naomh Peadar atá tiomnaithe don Mhaighdean Mhuire, Bantiarna Czestochowa, ar thug an Pápa gean agus urraim di.

 

Ba é ba chionnsiocair go dtiomnófaí an séipéilín seo di.

 

Anuas air sin, toisc go bhfuil sé ina riail dhaingean nach bhfuil cead ag éinne ach comharba uacht an Phápa a léamh ní luífeadh sé le ciall go mbeadh Eoin Pól II tar éis a leithéid de shocrú a chur ina uacht ar bhealach a chothódh fadhb ollmhór don Eaglais ar uair a bháis.

 

Léiríodh cumas is neart an Phápa fiú ar an lá a cailleadh é nó shínigh sé litreacha ceapacháin d’easpaig agus do thoscairí na Vatacáine.

 

Sna laethanta tar éis shocraid an Phápa an tseachtain seo a thosóidh aird an domhain ag díriú go hiomlán ar thoghchán dá chomharba.

 

De réir Dhlí na hEaglaise, caithfear tús a chur le Comhthionóil na gCairdinéal idir 15 agus 20 lá ó cailleadh an seanPhápa.
Na ceisteanna móra a bheidh os comhair na gcairdinéal, ina measc an Cairdinéal Desmond Connell, iarArdeaspag Átha Cliath a bhfuil vóta aige, agus an Cairdinéal Cathal Daly nach mbeidh vóta aige de bharr cúinsí aoise, ná: An Iodalach a bheas ann? An mbeidh sé óg, mar a bhí an Pápa Eoin Pól II nuair a thosaigh sé a réimeas?

 

Agus ceist eile - An ón domhan tearcfhorbartha a thiocfaidh an Pápa úr? Tá go leor a mhaíonn nach bhfuil an Eaglais Chaitliceach réidh go fóill le Pápa ó Mheircea Theas, ón Aifric nó ón Áis.

 

Cúis amháin le seo ná an tairngreacht a luaitear leis an mhisteach Éireannach, an Naomh Maolmhodhóg. De reir na tairngreachta, deirtear go mbeadh an Pápa deireannach ina fhear 'dubh''.

 

Is minic a thugtar le fios go gciallaíonn sin go mbeadh buairt ar an Eaglais Pápa ón Aifric nó ó Mheircea Theas a roghnú.

 

Ach míniú eile ar an scéal gur fainic in éadan na nIosánach - An tOrd Dubh - atá sa tairngreacht.

 

Cibé ar bith tá mothú le braistint i measc na 1.1 billiún Caitliceach, agus fiú iad sin nach Caitlicigh iad, atá ag caoineadh an Phápa Eoin Pól II ar fud an domhain, nach bhfeicfidh siad a leithéid arís.


Iriseoir: Concubhar Ó Liatháin

 最初の4段落をざっと英訳する。

'Don't be afraid'

 

'Don't you be afraid' the motto which Pope John Paul II had from the beginning of his reign in 1978 and his flock and his missing shepherd will bear those words in mind in the stirring days that are ahead of us.

 

The remains of Pope John Paul II will be carried to St Peter's this evening to give opportunity to the hundreds of thousands of pilgrims from every end of the world to say a prayer for the soul of the leader of the Catholic Church who died after long pains Saturday night.

 

Although the settlements of his funeral are not announced yet, it is thought that he will lie in state in St Peter's until Wednesday or Thursday, when his funeral is enacted.

 

World leaders will be expected at the funeral and Roman authorities are expecting that more than a million visitors from all the corners of the earth will be in the city for the day.

  教皇逝去のあと、関心事の一つは次期教皇が誰になるかという問題。盗聴器を排除し、携帯電話を禁止して、システィナ礼拝堂にこもってのコンクラーヴェアイルランド生まれ、アーマーの大司教聖マラキ(Saint Malachy, Maol Maedoc, 1094-1148)の予言もあるし、興味深い。

 上記のアイルランド語記事の最後のほうに出てくる 'Naomh Maolmhodhóg' はこの聖マラキのこと。この名前のアイルランド語の綴りは数種類はあり、Naomh Maoileachlainn というのが標準的な綴りの一つである。オクスフォードの聖人事典はいわゆる聖マラキの予言は聖マラキによるものではなく、Dom Arnold de Wyon が1595年に編纂したものとしている。

 なお、この「マラキ」という名そのものは、ヘブライの預言者マラキ(Malachi)というヘブライ名に似ているが、アイルランド語としては聖シャハナル(St Seachnall、聖パトリキウスの弟子、433年にミース県 Dunsaugli 初の司教に任ぜられた)の信奉者の意である。その意味では、Maelsheachlainn という綴りのほうがやや分かりやすい。アイルランド語の姓によく現れるこの mael, maol という語(ある聖なる者を信心し仕える者という意味)は禿頭を指し、剃髪した修道士(tonsured monk)のことである。