Tigh Mhíchíl

詩 音楽 アイルランド

記事一覧

セラ=ジェーン・ウッズのインタヴュー(1) Sarah-Jane Woods interview (1)


[スポンサーリンク]

 CUMAR のアルバムで演奏を聞かせたフルート奏者セラ=ジェーン・ウッズ (Sarah-Jane Woods) の Beo におけるインタビュー (Beo, Eagrán 36, Aibreán 2004) を少しづつ紹介する。原文(アイルランド語)のあとに大意を英語で掲げる。

f:id:michealh:20151010205532j:plain

[Sarah-Jane Woods; source] 

 

Sarah-Jane Woods: fliúiteadóir ar mian léi teacht ar ais mar fhidléir!

Le hAntaine Ó Faracháin

Is fliúiteadóir an-bhlasta ar fad í an Baile Átha Cliathach Sarah-Jane Woods. D'fhoghlaim sí a cuid ceoil ó leithéidí Michael Tubridy a sheinn leis na Chieftains tráth agus bíonn sí féin ag múineadh ceoil go minic anois do dhaoine óga. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoina saol mar cheoltóir.

Antaine Ó Faracháin: A Sarah-Jane, cén c haoi a bhfuil rudaí ag gabháil duit faoi láthair? Ar fhoghlaim tú aon tiún deas le deireanas? An bhfuil aon rud ar leith i dtiún a mheallann thú len é a fhoghlaim?

Sarah-Jane Woods: Tá rudaí ag dul ar fheabhas, go raibh maith agat, a Antaine, cé go bhfuil mé gnóthach go leor. D'fhoghlaim mé port dúbailte le déanaí, "An Dochtúir Ó Néill", port a bhí cloiste agam go minic ach nár fhoghlaim mé riamh. Rinne PJ Hayes, Paddy Canny, Peter O'Loughlin agus Bridie Lafferty taifeadadh air sa bhliain 1959. Taitníonn na seanphoirt fhada liom. Tá cúig pháirt sa tiún sin. Nuair a chloisim sraith bheag nótaí atá ceolmhar i dtiún éigin, spreagann sé mé len é a fhoghlaim. Níl mórán suime agam in an-chuid den cheol nuachumtha, ach amháin na píosaí ceoil atá bunaithe ar an traidisiún, cosúil leis na tiúin a chum Seán Ryan, Josie McDermott, John Brady agus araile.

AÓF: Cén chaoi ar tharla sé go bhfuil tú ag seinm ar an bhfeadóg mhór anois? Nó céard a spreag thú len é a dhéanamh?

SJW: Thosaigh mé amach ar an bhfeadóg stáin ar scoil le hAnne Lynch. Tamall ina dhiaidh sin thóg m'athair go Craobh Naithí, Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) mé. An chéad rud eile, bhí mé i rang le Michael Tubridy agus cúpla mí ina dhiaidh sin bhí feadóg mhór i mo lámh!

AÓF: Cén fliúiteadóir is fearr leat?

SJW: Ar ndóigh, mo mhúinteoir, Michael Tubridy. Tá stíl breá traidisiúnta agus stór ceoil ollmhór aige. Is maith liom a bheith ag éisteacht le fliúiteadóireacht Colm O'Donnell agus Catherine McEvoy, freisin. Tá suim faoi leith agam i gceol Josie McDermott, agus éistim leis na sean-fhliúiteadóirí, leithéidí John McKenna, Paddy Taylor agus Paddy Carty.

AÓF: Agus cén t-albam is fearr leat faoi láthair?

SJW: An t-albam is fearr liom, ní hamháin faoi láthair ach i gcónaí, ná An Ghaoth Aniar Aneas le Peadar Ó Lochlainn agus Ronan Browne.


[My rough translation:]
Sarah-Jane Woods: flautist who wants to come back as a fiddler!

Interviewed by Antaine Ó Faracháin

The Dubliner Sarah-Jane Woods is a very interesting flautist. She learned her music from the likes of Michael Tubridy who once played with the Chieftains and she is often teaching music to young peole herself. Antaine Ó Faracháin spoke with her about her life as a musician.

Antaine Ó Faracháin: Sarah-Jane, how are things going with you at present? Did you learn any nice tune recently? Is there anything special in a tune that charms you to learn it?

Sarah-Jane Woods: Things are going excellently, thank you, Antaine, though I'm very busy. I learned a double jig lately, "An Dochtúir Ó Néill", a jig that I often heard but never learned. PJ Hayes, Paddy Canny, Peter O'Loughlin and Bridie Lafferty recorded it in 1959. I like the old long jigs. There are five parts in that tune. When I hear a little series of notes which are musical in some tune, it urges me to learn it. I am not much interested in a lot of newly composed music, except for those pieces based on the tradition, like the tunes composed by Seán Ryan, Josie McDermott, John Brady et al.

AÓF: How did it happen that you are playing the flute now? Or what urged you to do it?

SJW: I started out on the tin whistle at Anne Lynch's school. After a while my father took me to Craobh Naithí, Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ). The next thing was that I was in Michael Tubridy's class and a few months later a flute was in my hand!

AÓF: Which flautist is your favourite?

SJW: Of course, my teacher, Michael Tubridy. He has a nice traditional style and a huge store of music. I like to listen to the flute playing of Colm O'Donnell and Catherine McEvoy, also. I am particularly interested in the music of Josie McDermott, and I listen to the old flautists, the likes of John McKenna, Paddy Taylor and Paddy Carty.

AÓF: And what is your favourite album at present?

SJW: My favourite album, not only at present but always, is An Ghaoth Aniar Aneas by Peadar Ó Lochlainn and Ronan Browne.

 

関連記事

michealh.hatenablog.com